Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

An chuma a d’fhéadfadh a bheith ar an gcúrsa i scoileanna

Tugtar breac-chuntas sa chuid seo ar an gcuma a d’fhéadfadh bheith ar an ngearrchúrsa Taibhiú ealaíne: Rannpháirtíocht sna hEalaíona i scoil. Tá na trí shnáithe den chúrsa nasctha go dlúth le chéile agus oibrítear ar a dtorthaí foghlama i rith an chúrsa. Sa bhrí sin, níl an cúrsa líneach ná seicheamhach. Ceapadh na gníomhaíochtaí a dtéitear i ngleic leo sna snáithe go léir ionas go dtiocfadh forbairt scileanna sa disciplín roghnaithe astu agus go mbeidís ina mbonn eolais agus ina dtacaíocht dá chéile. Ar an mbealach sin, tá na gníomhaíochtaí ealaíne – breathnú, cruthú agus taibhiú – idirghaolta agus cuireann siad le taithí ealaíon d’ardchaighdeán a chruthú.

Céim 1: Tosaíonn an próiseas leis an disciplín ealaíne a roghnú ar a ndíreoidh an gearrchúrsa. D’fhéadfadh sin, mar shampla, bheith i réimse na drámaíochta, an cheoil/na ceoldrámaíochta, an damhsa nó na n-amharc-ealaíon.  A luaithe is atá comhaontú ag an rang agus ag an múinteoir maidir leis an disciplín ealaíne, comhaontófar téama nó fócas oiriúnach. D’fhéadfaí teacht ar an tuiscint seo a socraíodh trí idirbheartaíocht trí mholtaí scoláirí nó trí mholtaí an mhúinteora agus d’fhéadfaí go mbeadh baint ag breathnú ar thaibhithe eile leis, lena fháil amach an bhfuil an téama oiriúnach agus inoiriúnaithe do shuíomh na scoile.

Céim 2: Beidh ar an scoláire taithí a fháil ar imeachtaí d’ardchaighdeán sa disciplín roghnaithe, agus breathnú orthu, ag machnamh ar a bhfuil feicthe aige, agus ag smaoineamh ar a rannpháirtíocht fhéideartha féin sa taibhiú. Trí bheith ag fiosrú, ag léirmhíniú agus ag déanamh léirmheasa ar a bhfuil feicthe, tosóidh an scoláire ag fáil tuisceana ar na gnéithe ilchodacha agus idirghaolta a bhíonn fite fuaite lena chéile le taibhiú d’ardchaighdeán a chruthú. Nuair atá taibhiú ealaíne á mheas, is gnéithe iad seo a leanas a d’fhéadfaí a léirmheas: stáitsiú agus dearadh seit, forbairt plota, téamaí agus carachtair a fhiosraítear, seánra, comhthéacs stairiúil, dearadh feisteas, smideadh, dearadh soilse, dearadh fuaime agus na scileanna cumarsáide a léirigh na taibheoirí. Ba chóir don scoláire machnamh a dhéanamh freisin ar céard iad na príomhtheachtaireachtaí a bhí ag an taibhiú, cén chaoi ar cuireadh in iúl iad agus cén freagra a thug an lucht féachana.  Sa bhreathnú léirmheasa sin d’fhéadfaí freagairt phearsanta a thabhairt a thugann breac-chuntas ar na cúiseanna ar thaitin nó nár thaitin an taibhiú a chonacthas leis an scoláire.

Céim 3: Tar éis plé ar na breathnuithe a rinneadh sna céimeanna roimhe seo, déanfar machnamh ar shannadh na ról taibhithe agus neamhthaibhithe/teicniúla. D’fhéadfaí sin a dhéanamh trí phróiseas éisteachtaí agus/nó trí réimse ina bhfuil spéis ag an scoláire tar éis a thaithí ar ghníomhaíochtaí ealaíne sna céimeanna roimhe seo a shainaithint. Ag an gcéim seo caithfear an coincheap a comhaontaíodh a leathnú ionas go bhfuil comhaontú ann maidir le cén áit agus cén uair is cóir é a stáitsiú, feasacht ar an sprioclucht féachana, an chaoi a ndéanfar margaíocht ar an taibhiú, an tacaíocht theicniúil atá ag teastáil, agus comhaontú ar chineál agus ar shonraí na ról difriúil a theastaíonn. Tríd an gcéim pleanála seo ba chóir go dtuigfeadh an scoláire na saincheisteanna féideartha dlí, lena n-áirítear iarratas a dhéanamh ar na cearta don taibhiú, más cuí, agus bearta sláinte agus sábháilteachta eile is gá machnamh orthu.

Céim 4: Ansin, céim an chleachtaidh, ina dtéann an scoláire i ngleic le forbairt scileanna a bhaineann go sonrach lena ról roghnaithe. Ag an gcéim seo scarann an grúpa, agus bíonn an scoláire páirteach go gníomhach i ngníomhaíochtaí agus taithí a fheabhsóidh a fhorbairt scileanna ina shainréimse. D’fhéadadh an grúpa taighde a dhéanamh agus acmhainní a úsáid a chuideodh le forbairt na scileanna sin le cuidiú lena chinntiú go bhfuil an fhoghlaim ar ardchaighdeán. D’fhéadfadh sé gur saineolaithe seachtracha atá sna hacmhainní seo atá ar fáil don scoil, léirmhínithe éagsúla ar líne agus digiteacha de thaibhithe comhchosúla, nó saineolas eile laistigh den scoil a d’fhéadfaí a úsáid. Nascann an chéim seo ar ais, chomh maith, leis an gcéim fiosraithe agus léirmhínithe (céim a dó), mar is féidir go dtiocfaidh feabhsú breise ar scileanna sonracha sainaitheanta as breathnú mionsonraithe ar na healaíona agus rannpháirtíocht sna healaíona. Tá an chuid seo den phróiseas lán neamhchinnteachta, dul i bhfiontar agus teannais, nuair atá an scoláire ag féachaint lena scileanna ar leith agus gníomhartha aonair cruthaíochta agus foghlama a fhí isteach i dtaithí an ghrúpa. Tríd an bpróiseas cleachtaidh is féidir leis an scoláire a lán smaointe, gníomhartha agus srianta atá ag teacht salach ar a chéile a chlaochlú in aon fhoirm aontaithe: an taibhiú.

Céim 5: Is é an chéim dheiridh an taibhiú grúpa féin: críoch an phróisis ina dtugtar an smaoineamh ó cheapadh go cur i gcrích. Ba chóir go dtarraingeodh an ócáid seo ar na scileanna, an t-eolas agus an tuiscint a fuarthas trí dhul i ngleic leis na healaíona agus a forbraíodh tríd an bpróiseas cleachtaidh. Ligeann sé don scoláire a smaointe cruthaitheacha a athrú go saothar léiritheach a chuireann mothúcháin, cialla agus léirmhínithe in iúl do lucht féachana.
 

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.